I nDeireadh Fómhair 2021, i bpáirt leis an Mellon Centre for Migration Studies, ar an Ómaigh, d’eagraigh an tAcadamh, Institiúid Uí Mhórdha, agus an Leabharlann, comhdháil trí lá i nDoire le comhghleacaithe in institiúidí eile a chur ar an eolas fán togra seo. Méara Dhoire Graham Warke (Democratic Unionist Party) a d’oscail an chomhdháil sa Guildhall ar 22 Deireadh Fómhair agus mar chuid di, sheoil Patrick Griffin, Stiúrthóir Léann na hÉireann sa University of Notre Dame, The First Irish Cities (Yale University Press, 2021) le David Dickson, Coláiste na Tríonóide. I measc na scoláirí eile a bhí páirteach sa chomhdháil, bhí Angela Byrne, Ollscoil Uladh; Angelique Day, eagarthóir Ordnance Survey Memoirs; Kerby A. Miller, University of Missouri; Brendan O’Leary, University of Pennsylvania; Mike O’Malley, George Mason University, agus William Roulston, Ulster Historical Foundation; agus ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, bhí Daniel Carey, Institiúid Uí Mhórdha, Mícheál Ó Dómhnaill, Acadamh, agus Lillis Ó Laoire, Gaeilge. Phléigh Ó Laoire amhráin a cruinníodh, i nGaeilge agus i mBéarla, ó dhaoine de bhunadh Thír Chonaill, i gceantar an ghuail chrua in oirthear Pennsylvania, c. 1880–1930. Tá an tAcadamh ag iarraidh tuilleadh taighde a bhíogadh fá imirce ó iarthar Thír Chonaill go dtí an réigiún sin agus é ag súil le ceangail a chothú le sliocht na ndaoine a d’fhág iarthar an chontae san am atá thart. Agus déanfaidh sé a mhacasamhail fá imirce ó Chonamara go Massachusetts.

An staraí Kerby A. Miller agus a bhean Patricia, Missouri, 1978. Historian Kerby A. Miller and his wife Patricia, Missouri, 1978.