Straitéis na Gaeilge 2021–2025 

Date 15 Dec 2022

Read Time

Share

Synopsis

In 2019, i ndiaidh don Uachtarán an bhainistíocht shinsearach a athstruchtúrú, aistríodh an fhreagracht as an nGaeilge ó Oifig an Rúnaí go hOifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí arb é, tar éis an Uachtaráin agus mar ionadaí dó, an ball is sinsearaí den fhoireann bainistíochta é. I bhfianaise na n-athruithe sin a thug ardú stádais don Ghaeilge i struchtúr bainistíochta na hOllscoile, bhí sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe rialachais sin atá i bhfeidhm don Ghaeilge san Ollscoil agus, chuige sin, thug an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí faoi Straitéis don Ghaeilge a fhorbairt i gcomhar leis an gCoiste Straitéiseach don Ghaeilge.