Impact & Opinions | Tionchar & Tuairimí

Beir litir uaim go hÉirinn

Beir litir uaim go hÉirinn

15 December 20
 | 
5
(1)
 STARS
 | 10 MINS

Foirgneamh beag gan órnáid, a tógadh i lár na 1800í, atá i dteach pobail Chill Chluanaidh in Íochtar Tíre, in iardheisceart Thír Chonaill. Adhlactar na mairbh thart air. Níl casán ar bith idir na leacacha agus na tombaí is sine agus ag amharc ar dhaoine ag iarraidh a mbealach a dhéanamh eatarthu, shílfeá gur fríd cheapach bláthanna a bhí siad ag gabháil. Tá leac ansin, ar chúl theach an phobail, a bhfuil insint lom uirthi ar stair na hÉireann – stair iarthar na hÉireann, ach go háirithe – ó bhí am an Drochshaoil ann. Ansin, greanta i gcloch, tá scéal an naonúr clainne a bhí ag Mary Martin, a cailleadh i 1947, a fear céile James Martin, a fuair bás i 1953.

Tá deireadh ansin – cuireadh seisear den naonúr sin thar lear: triúr sna Stáit, fear amháin in Albain, fear eile i Sasain, agus bean san Astráil. Agus tá a mhacsamhail den leac sin i reiligeacha ar fud na hÉireann – cruinnithe deireanacha clainne ar chlár leice, in amanta cruinnithe daoine nár casadh riamh ar chéile ina mbeatha, siocair an duine is sine bheith ar shiúl sular tháinig an mhuintir is óige ar an tsaol agus gan philleadh i ndán dó.

Roimh Facebook agus Skype, Teams agus Zoom – áiseanna de chuid na haoise seo – thiocfadh le hÉireannaigh thar lear scairt ghutháin a chur ar an bhaile. Ceapadh an guthán ag deireadh na 1800í agus bhí sé measartha coitianta i Méiriceá Thuaidh roimh an darna cogadh. Ach, ar ndóigh, ní raibh gutháin ag mórán daoine sa tír seo roimh na 1980í. Agus dá bhrí sin, le linn ghlúnta crua na h-imirce, ba í an litir chun an bhaile a choinnigh an mhuintir a d’fhág i dteagmháil leis an mhuintir a d’fhan.

Sna 1970í, thosaigh Kerby A. Miller, mac léinn in UC Berkeley, i gCalifornia, a dhéanamh taighde ar imirce as Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe agus Ceanada. Is é Emigrants and Exiles: Ireland and the Irish Exodus to North America (Oxford, 1985) an toradh a bhí ar an taighde sin – an saothar is údarásaí ar na fáthanna a d’fhág daoine Éire agus an dóigh a fuair siad ar aghaidh san “oileán úr”.

Agus an taighde sin ar bun aige, thosaigh Miller ag trasscríobh litreacha a chuir Éireannaigh chun an bhaile, le tuigbheáil a fháil ar an dearcadh a bhí acu ar an tír a d’fhág siad agus ar an tsaol a bhí acu thall. Fuair sé cuid de na litreacha sin i gcartlanna agus leabharlanna ach fuair sé a mbunús de thairbhe fógraí a chuir sé i nuachtáin áitiúla in Éirinn, ag iarraidh ar dhaoine litreacha a bhí ina seilbh a chur chuige – thras-scríobh sé na litreacha ansin agus chuir sé ar ais arís iad chuig an mhuintir ar leo iad.

Choinnigh Miller air ag cruinniú agus ag tras-scríobh go raibh cnuasach ollmhór aige, a bhfuil tábhacht ar leith leis i dtaca le stair na hÉireann agus stair Mhéiriceá Thuaidh araon. Tá an cnuasach sin, a bhfuil na mílte tras-scríbhinní ann, á bhronnadh anois aige ar Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh Daniel Carey, Institiúid Uí Mhórdha, agus Breandán Mac Suibhne, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ag stiúradh foirne le bunachar ar líne a thógáil a thabharfas seans do lucht léinn agus lucht ginealais an t-ábhar seo a iniúchadh. Beidh tacaíocht don tógra seo á cuartú acu sa bhaile agus thar lear.

Tugann cnuasach Miller deis don Ollscoil a cuid spriocanna a bhaint amach maidir le h-oscailteacht agus le h-idirnáisiúnú, agus tá sí go mór faoin a chomaoin, dá bharr. Beidh deis anois ag scoláirí, a bhfuil suim acu i stair na hÉireann nó stair Mhéiriceá, eolas níos fearr a fháil ar na glúnta a d’fhág agus beidh deis ag sliocht na nglúnta sin ceangal úr a dhéanamh leis an tseanfhóide.

Reconnecting across Time and Space

As Ireland emerges from the pandemic, we are again connecting with family and friends at home and abroad. It is fitting, then, that NUI Galway is now commencing a major project focused on how people who left Ireland for the United States and Canada maintained connections with home – the emigrant letter.

The project is made possible by an extraordinary gift of historian Kerby A. Miller, Curators’ Professor of History at the University of Missouri, to the James Hardiman Library.

From the 1970s, when working on his landmark  Emigrants and Exiles: Ireland and the Irish Exodus to North America (Oxford, 1985), Miller transcribed Irish emigrant letters and memoirs held in libraries and archives, and looking beyond those repositories he placed notices in Irish national and local newspapers asking people to send him treasured correspondence which he then copied and returned.

The result is a vast collection of transcripts of thousands of letters and memoirs penned by miners, domestic servants, farmers, and canal, railroad, mill and construction workers. Now, in partnership with the Library, Professor Daniel Carey of the Moore Institute for the Humanities and Social Sciences and Professor Breandán Mac Suibhne of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge are assembling a team to build an on-line database that will allow easy access to Miller’s peerless collection.

NUI Galway’s faculty in the Humanities and Social Sciences have long engaged with issues of migration. This project, for which support is being sought at home and abroad, continues that engagement and helps the University to realise its commitments to openness and internationalisation. For scholars of Irish and North American history, the database will be an enduring connection, across time, to generations of emigrants, while for descendants of those emigrants it will be an opportunity to reconnect, across the broad Atlantic, with the home that they left behind.

Beir litir uaim go hÉirinn
Kerby A. Miller, Curators’ Professor of History, University of Missouri, on the occasion of a lecture in NUI Galway in autumn 2017; also pictured are Breandán Mac Suibhne of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Niall Ó Ciosáin of the School of History and Philosophy, and Daniel Carey of the Moore Institute.
RATE

5 / 5. Vote count: 1

Discover More
edition-image
SDG Champion

Focal ón Uachtarán

Keep up to date on the latest from us straight to your inbox

Privacy policy