Impact & Opinions | Tionchar & Tuairimí

Impact & OpinionsTionchar & Tuairimí
An Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn (BA 1991)
edition-image
Change Makers

An Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn (BA 1991)

Sa gcomhrá seo, labhraíonn Bríd Seoige leis an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, faoi na dualgais neamhspleácha a bhaineann lena oifig nua. Déanann sé cur síos freisin ar an tionchar mór a bhí ag Ollscoil na Gaillimhe air féin, áit ar fhoghlaim sé faoi cheannaireacht agus faoi fhorbairt pobail trí ghréasán na gcampas Gaeltachta.

 


 

Bríd Seoige (BS): An bhféadfá beagán a insint fút féin?

Séamas Ó Concheanainn (SÓC): Is de bhunaidh an Spidéil i nGaeltacht Chonamara, Co. na Gaillimhe mé, áit arb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. . Bhí an t-ádh liom mo chuid oideachais uile ón mbunscoil go dtí an ollscoil a fháil i nGaeilge. Spreag oidí a raibh dílseacht acu dár dteanga dhúchais agus saineolas acu uirthi, ar shaíocht na Gaeltachta agus na hÉireann, leithéidí Bheartla Uí Chonaire, Phádraig Uí Neachtain agus Sheáin de Búrca mé chun leanúint le léann na Gaeilge agus na staire i nGaeilge ar chlár céime B.A. in Ollscoil na Gaillimhe.

Ag tús na naochaidí, bhí rogha leathan ábhar á dteagasc i nGaeilge ansin ag léachtóirí a bhí ar thús cadhnaíochta ina ndisciplíní go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, eadhon an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Breandán Ó Madagáin, an tOllamh Gearóid Denvir agus an Dr. Máirtín Ó Briain a cailleadh go hóg. Mhothaigh mé i gcónaí go raibh féith an mhuintearais an-láidir idir foireann na hOllscoile agus comhluadar na mac léinn. Bhí an t-ádh orm.

ndisciplíní go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, eadhon an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Breandán Ó Madagáin, an tOllamh Gearóid Denvir agus an Dr. Máirtín Ó Briain a cailleadh go hóg. Mhothaigh mé i gcónaí go raibh féith an mhuintearais an-láidir idir foireann na hOllscoile agus comhluadar na mac léinn.

Bhí obair cheannródaíoch ar siúl ag Oifig na Gaeilge Labhartha faoi stiúir Pheadair Mhic an Iomaire agus deis á tabhairt do mhic léinn ó chuile chearn de tír barr snasa a chur ar a gcuid Gaeilge ach tréimhsí tumtha teanga a chaitheamh in Áras Mháirtín Uí Chadhain. Is ón dúsraith sin a d’fhás Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ina institiúid náisiúnta léinn agus a ghréasán campas Gaeltachta i gCarna, ar an gCeathrú Rua agus i nGaoth Dobhair. Is gné uathúil dhíolacháin é an gréasán campas Gaeltachta seo ag Ollscoil na Gaillimhe agus deis ag mic léinn ó fud fad na tíre agus ó thar lear tréimhsí tumtha teanga and cultúir a chaitheamh sa milieu ina bhfuil an Ghaeilge á saothrú ina teanga phobail.

Cé go raibh an campas i bhfad níos lú ag an am, bhí an t-eispéireas léinn, cultúir agus sóisialta den chéad scoth.

Spreag borradh na nuatheicneolaíochta ag tús na naochaidí mé chun tabhairt faoi chlár iar-chéime sa ríomheolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tar éis dom seal a chaitheamh ag obair san earnáil phríobháideach thapaigh mé an deis filleadh ar an nGaeltacht ag obair le cúrsaí forbartha pobail faoi thús na mílaoise, agus ina dhiaidh sin le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tháinig borradh stairiúil faoi chúrsaí ollscolaíochta Gaeilge faoi scáth an Acadaimh sa gcéad deich mbliana den mhílaois nua. Bhí na céadta mac léinn ag tabhairt faoi chúrsaí réamhollscoile, fo-chéime agus iar-chéime i nGaeilge, ar champas na hOllscoile sa gcathair, sna hIonaid Ghaeltachta agus i bhfo-ionaid fud fad na tíre. Ba thoradh é seo ar cheannaireacht ardbhainistíochta an Acadaimh agus na hOllscoile, ceannaireacht trínar cothaíodh comhoibriú idir an ollscoil, an stát agus pobal na Gaeilge. Bhí róil cheannaireachta éagsúla agam leis an Ollscoil, go háirithe mar Riarthóir ar Ionad an Acadaimh i gCarna, Co. na Gaillimhe, ról a chuimsigh earnálacha an ardoideachais, na pleanála teanga agus na forbartha pobail. Thug an bhreis agus fiche bliain sin tuiscint dhomhain dom ar an leas ollmhór a dhéanann oideachas ollscoile don duine aonair agus don tsochaí i gcoitinne ar mhaithe le smacht a ghlacadh ar a gcinniúint féin.

"Ag tús na naochaidí, bhí rogha leathan ábhar á dteagasc i nGaeilge ansin ag léachtóirí a bhí ar thús cadhnaíochta ina ndisciplíní go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta."

Séamas Ó Concheanainn
An Coimisinéir Teanga

(BS): Cad iad príomhfhreagrachtaí an Choimisinéara Teanga? 

(SÓC): Ba mise an tríú Coimisinéir Teanga ó 2004 a ceapadh in 2023 tar éis comórtas poiblí don Oifig. Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an rialtais, tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin. Tá an Coimisinéir Teanga iomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a c(h)uid dualgas mar a leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú.

Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar Oifig Ombúdóra agus mar Aísínteacht Chomlíontachta Náisiúnta maidir le cosaint cearta teanga phobal na Gaeilge mar a leagtar síos san Acht. Is é bunaidhm an Achta úsáid na Gaeilge a mhéadú sa saol poiblí ach dualgas a leagan, mar shampla, ar ranna rialtais, ollscoileanna, údaráis áitiúla agus áisinteachtaí eile stáit as seirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge.

(BS): Conas a chinntíonn an Coimisinéir go gcloíonn comhlachtaí poiblí le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, arna leasú?

(SÓC): Tugtar feidhmeanna agus cumhachtaí reachtúla don Choimisinéir Teanga faoin reachtaíocht teanga. I gcroílár obair na hoifige tá an fheasacht ar chearta teanga a threisiú, is é sin go bhfuil an pobal feasach faoi na cearta atá acu an Ghaeilge a úsáid agus iad ag déileáil leis an stát agus go bhfuil comhlachtaí poiblí eolach faoi na dualgais reachtúla atá orthu.

Tá breis agus 500 comhlacht poiblí,lena n-áirítear ranna rialtais, údaráis áitiúla, ollscoileanna agus ospidéilfaoinreachtaíochta teanga. Faigheann m’Oifig thart ar 600 gearán in aghaidh na bliana faoi easpa seirbhísí tacaíochta custaiméara agus seirbhísí ar líne i nGaeilge, easpa seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus easnaimh sa bhfreastal atá an stát a dhéanamh ar an bpobal ó thaobh an oideachais lán-Ghaeilge agus araile.

Is féidir leis an gCoimisinéir imscrúdú foirmiúil ar dhéanamh ar líomhain gur sháraigh comhlacht poiblí an reachtaíocht teanga. Mar chuid de seo, tugtar moltaí don chomlacht poiblí chun an reachtaíocht teanga a chomhlíonadh nó a shárú feasta. Sa chás go mbíonn an Coimisinéir Teanga den tuairim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe sin i bhfeidhm, tá sé do chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga tuarascáil a leagan faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid ar an ábhar. Léiríonn an próiseas seo an dlúthcheangal atá idir feidhmeanna an Choimisinéara Teanga agus an daonlathas tríd an reachtas a thionscain an reachtaíocht teanga ar an gcéad dul síos.

(BS): Cad iad na dúshláin is mó atá roimh an nGaeilge sa tseirbhís phoiblí inniu? Nó: An gceapann tú go bhfuil dul chun cinn le feiceáil i bhfeidhmiú na seirbhísí Gaeilge?

(SÓC): Tugtar stádas speisialta don Ghaeilge faoi Airteagal 8 de Bhunreacht 1937 agus forordaítear sa Bhunreacht ceart a bheith ag an bpobal gnó a dhéanamh leis an stát i nGaeilge amháin. Go praiticiúil, áfach, ní dhearnadh aon soláthar éifeachtach córasach sa stát thar na blianta chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil i nGaeilge. Ba mhinic a mhothaigh baill den phobal nach raibh an dara rogha acu ach dul i muinín na gcúirteanna chun a gcearta bunreachtúla teanga a bhaint amach. Thuig pobal na Gaeilge agus rialtais éagsúla go raibh géarghá le bonn reachtúil a chur faoi sholáthar agus faoi fheabhsú seirbhísí poiblí i nGaeilge agus is é an Acht na dTeangacha Oifigiúla a thoradh sin. Ba é Aire na Gaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, a thug an cheannaireacht a chinntigh gur tugadh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i bhfeidhm.

Tá bisiúlacht na Gaeilge mar theanga chomhaimseartha ag brath ar threisiú a húsáide i saol poiblí na hÉireann.Tá sé beartaithe ag an rialtas breis agus €130 billiún a chaitheamh ar an earnáil phoiblí in 2026, áit a bhfuil impeall 400,000 duine fostaithe sa tseirbhis phoiblí.

Tá an tseirbhisí phoiblí ag síorathrú, agus i láthair na huaire, tá straitéis ag Rialtas na hÉireann dar teideal Seirbhísí Poiblí Níos Fearr lena chinntiú go bhfuil freastal cóir á dhéanamh ag an stát ar an bpobal. Luaitear luachanna amhail an mhacántacht, an chothroime, an oscailteacht, an fhreagrúlacht agus an iontaofacht mar dhúshraith don straitéis seo, luachanna a n-aithníonn an OECD) iad.

Ar an drochuair, léiríonnna gearáin ó phobal na Gaeilge agus faoi bhráid m’oifige nach mbíonn na luachanna thuasluaite snite isteach i soláthar seirbhísí teanga. . Is minic a bhíonn an tseirbhís i nGaeilge tearc agus easnamhach i gcomparáid leis an mBéarla, agus is minic gur réiteach post factum a bhíonn ann tar éis an tseirbhís iomlán i mBéarla a fhorbairt. Caithfidh athrú a theacht air seo.

"Ba mise an tríú Coimisinéir Teanga ó 2004 a ceapadh in 2023 tar éis comórtas poiblí don Oifig."

Séamas Ó Concheanainn
An Coimisinéir Teanga

(BS): Conas atá an tAcht um Theangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm in institiúidí oideachais tríú leibhéal?

(SÓC): Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta tar éis ollscoileanna na tíre uile mar aon leis na boird oideachais a fhorordúina gcomhlachtaí poiblí chun críoch na reachtaíochta teanga. Dá bhrísin, tá dualgas orthu na dualgais a leagtar síos san Acht Teanga a chomhlíonadh. Leagadh dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí faoi chóras na scéimeanna teanga i ndáil le seirbhísí breise i nGaeilge a sholáthar, e.g. go mbeadh inniúlacht i nGaeilge riachtanach do phoist ar leith nó go gcuirfí seirbhísí ar líne ar fáil i nGaeilge.

Tháinig deireadh le córas na gcaighdeán teanga, áfach, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasu), 2021 mar gur theip air seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú ar bhonn córasach ar fud na seirbhíse poiblí.

Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le córas nua na gcaighdeán teanga, a tabhairt i bhfeidhm. Ní amháin go leagfaidh an córas nua seo amach na seirbhísí a chaithfidh comhlachtaí poiblí ar nós ollscoileanna a chur ar fáil i nGaeilge, ach leagfaidh sé síos freisin an leibhéal inniúlachta i nGaeilge de réir Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR) a chaithfidh a bheith ag fostaithe na gcomhlachtaí poiblí. Dul chun cinn ollmhór a bheidh anseo, mar gurb í an easpa foirne le Gaeilge an bac mór ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú.

Ról Uathúil Ollscoil na Gaillimhe

Tá dualgas eisiach ar Ollscoil na Gaillimhe oideachas ollscolaíochta i nGaeilge a sholáthar. Faoi Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006, tá dualgas reachtúil uirthi a chinntiú go bhfuil oideachas á sholáthar i nGaeilge ar cheann dá príomhaidhmeanna agus an Ghaeilge a chur san áireamh i ngach plean forbartha stráitéise dá cuid.

Tá pobal na Gaeilge agus an stáit ag brath ar Ollscoil na Gaillimhe ceannaireacht a léiriú i bhforbairt earnáil na hollscolaíochta Gaeilge, ní amháin ó thaobh an dualgais reachtúil thuasluaite, ach mar gheall ar a suíomh uathúil agus straitéiseach ar thairseach an phobail labhartha Gaeilge is mó ar domhan. Tapóidh m’Oifig chuile dheis lena chinntiú go bhfíorófar an dualgas agus an deis eisceachtúil seo.

(BS): Cad iad na hathruithe ba mhó a mholfá chun seirbhísí Gaeilge a fheabhsú?

(SÓC): Den chéad uair i stair an stát, tá plean náisiúnta reachtúil i bhfeidhm chun seirbhísí poiblí i nGaeilge. Mhéadú agus a fheabhsú go córasach. ITá dhá chrann taca ar leith ina mbonn leis an bPlean Náisiúnta. Ar an gcéad dul síos, tá dualgas ann go mbeidh 20% den fhoireann a earcófar isteach sa tSeirbhís Phoiblí inniúil i nGaeilge. Ar an dara crann taca, tá córas na gcaighdeán teanga a leagfaidh amach go sonrach na seirbhísí a bheidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar i nGaeilge, agus an leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a chaithfidh a bheith ag an bhfoireann a bheidh ag soláthar na seirbhísí sin thar ceann an chomhlachta phoiblí. Is croíchuid den Phlean Náisiúnta í an phleanáil fórsa saothair a chaithfidh tarlú ar fud na Seirbhíse Poiblí a chinnteoidh go mbeidh dóthain foirne ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge á hearcú le go n-éireoidh leis an bhforáil earcaíochta 20% go córasach ar bhonn náisiúnta. Ós rud é go dtagann méadú glan 12,000 duine ar an meán ar líon na bhfostaithe sa tSeirbhís Phoiblí gach bliain agus léiríonn sé sin scála ollmhór an taisc chun dóthain foirne le gaeilge a earcú.

(BS): Conas a fheiceann tú ról an oideachais tríú leibhéal i gcur chun cinn na Gaeilge amach anseo?

(SÓC): De bharr scála agus ilghnéitheacht na Seirbhíse Poiblí in Éirinn, tá gá le gníomh náisiúnta ó earnáil na hollscolaíochta Gaeilge chun dóthain céimithe atá inniúil sa Ghaeilge a sholáthar i ndisciplíní éagsúla chun a chinntiú go n-éireoidh leis an bhforáil reachtúil 20% d’earcaithe nua faoi dheireadh 2030. Beidh géarghá le sruth leanúnach céimithe sna hearnálacha seo a leanas mar shampla: Riarachán & Beartas Poiblí, Rialachas Corparáideach, Bainistíocht Eagraíochtúil, Pleanáil Teanga, Pleanáil Straitéiseach, Oiliúint Múinteoirí Bunscoile agus Iar-bhunscoile, Oideachas do Ghairmithe Cúraim Shláinte agus araile.

Ról Ollscoil na Gaillimhe agus Cur Chuige Náisiúnta

Agus í suite ar thairseach na Gaeltachtacha is mó sa tír agus cuntas teiste láidir aici maidir le mic léinn ó gach cearna den tír a mhealladh le tabhairt faoi chláir léinn i nGaeilge, tá deis ann anois nach bhfacthas a leithéid riamh d’Ollscoil na Gaillimhe ó thaobh éilimh an mhargaidh ar chláir ollscoile a fhreagróidh do dhlí teanga na hÉireann. Tá deis ag Ollscoil na Gaillimhe agus ag ollscoileanna na tíre trí chéile ról ceannais a ghlacadh ach cláir ollscolaíochta Gaeilge a fhorbairt faoi scáth an Phlean Náisiúnta i ndáil le páirtithe leasmhara ábhartha, amhailan Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an ÚAO, RFTPG agus institiúidí tríú leibhéal. Is trí chur chuige comhobrithe náisiúnta mar seo a fhorbrófar acmhainneacht earnáil na hollscolaíochta Gaeilge chun a chinntiú go mbeidh na mílte céimithe ag a bhfuil Gaeilge mhaith ar fáil le dualgais reachtúla an stáit i leith na Gaeilge a chomhlíonadh.

"Den chéad uair i stair an stát, tá plean náisiúnta reachtúil i bhfeidhm chun seirbhísí poiblí i nGaeilge."

Séamas Ó Concheanainn
An Coimisinéir Teanga

(BS): Conas is féidir le daoine óga a bheith níos rannpháirtí i gcur chun cinn na Gaeilge, agus an gá níos mó brú a chur ar institiúidí tríú leibhéal chun an Ghaeilge a chur chun cinn?

(SÓC): Is iad glúnta óga an lae inniu todhchaí na hÉireann agus todhchaí na Gaeilge. Creidim go láidir go bhfuil misneach ar leith in aos óg an lae inniu maidir leis na héachtaí is féidir a bhaint amach trínár dteanga náisiúnta a fhorbairt ina teanga bhisiúil chomhaimseartha. Tá m’Oifig tiomanta le go dtuigfidh an t-aos óg an ceart atá acu déileáil leis an stát ina rogha teanga oifigiúla. Seo dúshraith an cearta teanga a chosaint.

Léiríonn an méadú ollmhór a tháinig ar fhógraíocht i nGaeilge go háirithe ar na meáin shóisialta gur feidir leis an nGaeilge bláthú ar na hardáin sin a bhfuil tóir ag an aos óg orthu, agus go bhfuil an-éileamh i measc an aosa óig ar ábhar cruthaitheach agus ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán i nGaeilge. Léirigh tuarascáil a d’fhoilsigh m’oifig ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste gur caitheadh €19m san iomlán ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024 de thoradh na reachtaíochta teanga nua. Caitheadh €5.2m den €19m sin go heisiach ar na meáin Ghaeilge, rud atá ag cruthú sruthanna nua ioncaim agus deiseanna fostaíochta do chéimithe óga in earnáil na meán Gaeilge.

Tá m’oifig ag forbairt stór acmhainní feasachta ar chearta teanga atá dírithe ar na cearta nua atá ag an bpobal de thoradh na leasuithe ar an Acht Teanga. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh a fhios ag an aos óg go bhfuil todhchaí agus gairmeacha ríthábhachtacha ann dóibh de bharr a gcuid gaeilge. Beidh an stór acmhainní dírithe ar an aos óg ó leibhéal na bunscolaícohta go leibhéal na hollscolaíochta le béim ar leith ar acmhainní do na meáin dhigiteacha.

(BS): Cad é an éacht is mó atá bainte amach agat mar Choimisinéir Teanga go dtí seo?

(SÓC): Déarfainn go bhfuil dhá ghné i gceist anseo, ceann a bhaineann le forbairt eagraíochtúil agus ceann a bhaineann le feidhmiú na gceart teanga nua atá in Acht leasaithe 2021. Ó thaobh na forbartha eagraíochtúla de, tá foireann na hoifige méadaithe ó naonúr go naoi nduine dhéag in achar gearr agus maoiniú na hoifige méadaithe dá réir. Sheas mo thaithí bhainistíochta san ollscoil thar na blianta liom chun tacaíocht agus maoiniú a fháil ó airí rialtais agus ó státseirbhísigh shinsearacha. Tá plean straitéiseach nua i bhfeidhm anois a chinnitíonn go bhfuil an ag acmhainn foirne agus mhaoinithe aici freagrairt dá cúram mar oifig náisiúnta i gcosaint agus i bhfeidhmiú chearta teanga phobal na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn.

In achar gearr ama, tá dea-thionchar na reachtaíochta teanga nua ar úsáid na Gaeilge sa saol poiblí in Éirinn follasach. Is ábhar dóchais é an borradh atá ar fheiceálacht agus úsáid na Gaeilge ar na meáin éagsúla de thoradh na forála maidir le fógraíocht i nGaeilge a chuimsítear san Acht leasaithe. I bhfianaise gur caitheadh €19m go heisach ar fhógraíocht i nGaeilge in 2024, tá an fhoráil nua ar fhógraíocht tar éis cur go mór le hinfheictheacht na Gaeilge ar fud na meán éagsúil, agus tá ról ríthábhachtach aici maidir le bisiúlacht agus úsáid laethúil na teanga a chothú. Níor mhór dlúthchomhoibriú a fhorbairt le hearnáil na fógraíochta tráchtála in Éirinn, le hearnáil na meán Gaeilge agus le comhlachtaí poiblí don fhorás seo dár dteanga dhúchais.

Ceannaireacht ar an Stáitse Idirnáisiúnta

Is mé Cathaoirleach Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéir Teanga faoi láthair agus beidh comhdháil idirnáisiúnta an chumainn ar siúl i nGaillimh i mí Mheán Fómhair seo chugainn 2026. Beidh m’Oifig ag cur fáilte roimh Choimisinéirí Teanga agus roimh ghníomhairí cearta teanga ó gach cearn den chruinne chuig an gcur agus an cúiteamh ar láidriú cearta pobail teanga i bhfad agus i gcóngar. Beidh na himeachtaí ar siúl sa Ghaeltacht agus ar champas Ollscoil na Gaillimhe agus tá gach duine ag súil go mór leis.

RATE

5 / 5. Vote count: 10

Keep up to date on the latest from us straight to your inbox

Privacy policy

Republish

You can use this embed code to republish the text of this article both online and in print. When republishing, please attribute the author and University of Galway and note that the article was originally published on Cois Coiribe. Please also refrain from editing the article and note that images are not included in this blanket license.