Bronnadh Ard-Dioplóma sa gCumarsáid Fheidhmeach ort ó Ollscoil na Gaillimhe. An féidir leat beagán cainte a dhéanamh faoi do chuid ama san Ollscoil?
Rinne mé an tArd-Dioplóma sa gCumarsáid Fheidhmeach in 1998 -1999.
Bhain mé mo bhunchéim sa Ghaeilge agus Fraincis amach ó Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Bhí mé sa tríú bliain den chéim nuair a seoladh TnaG, ar oíche shamhna 1996. Bhí mé i mo rúnaí ar an gCumann Gaelach agus d’eagraigh muid cóisir mhór d’scailt TnaG sa Fleet trasna ón gcoláiste agus bhí an-oíche ann. Chuaigh cara liom, Róisín Ní Chéilleachair go Gaillimh chun tabhairt faoin gcúrsa cumarsáide nuair a chríochnaigh sí an chéim agus is mar gheall uirthi go raibh eolas agam faoin gcúrsa agus gur chuir mé isteach air.
Ba é Rónán Ó Dubhthaigh a bhí mar Stiúrthóir ar an gcúrsa ag an am, suaimhneas síoraí lena anam. Bhí an-bhliain againn ar an gcúrsa, chaith muid mí ar an gCeathrú Rua mar chuid den chúrsa. Bhí an-bhéim ar oiliúint ar ghnéithe praiticiúla a theastódh sa saol oibre. Ba é an ‘cúrsa cumarsáide’ mar a ghlaodh muid air an cúrsa le déanamh an t-am sin le post a fháil sna meáin.
Bhain mé an-taitneamh as an modúl Dlí na Meán le Marie McGonagle, agus as Léiriúchán Teilifíse le Ciarán Ó Cofaigh, Micheál Ó Catháin agus Brían Ó Donnchadha. D’fhoghlaim muid cén chaoi le clóscríobh freisin ar an gcúrsa, scil atá an-úsáideach sa saol oibre agus nach mbeadh foghlamtha agam murach an cúrsa cumarsáide. Rinne mé taithí oibre tar éis dom an cúrsa a chríochnú sa seomra nuachta in RTÉ i nDomhnach Broc faoi stiúir Phádhraic Uí Ghaora.
Rinne mé cairde saoil ar an gcúrsa agus casann muid ar a chéile go minic. Tá go leor againn ag plé le saol na Gaeilge ar bhealach amháin nó bealach eile go fóill.
Tá obair shuntasach déanta agat le linn do thréimhse ag obair sna meáin in Éirinn. Céard iad na spriocanna is mó a bhain tú amach sular ceapadh thú mar Ard-Stiúrthóir ar TG4?
Tá mo shaol oibre ar fad caite agam le TG4. Tá mé ar dhuine den bheagán a d’oibrigh le gach ceannaire a bhí ar TG4 ó bunaíodh é. Thosaigh mé ag obair le TG4 i mí na Samhna 1999, go gairid tar éis don chainéal athbhrandáil ó TnaG go TG4. Bhíodh Rónán Ó Dubhthaigh ag rá linn an Irish Times agus Foinse a cheannach mar is ann a bhíodh na fógraí poist. Ní raibh an t-idirlíon in úsáid mórán an t-am sin. Bhíodh na fógraí poist ar chúl na nuachtán. Is cuimhin liom go raibh roinnt postanna fógartha ag TnaG mar go raibh TV3 tar éis teacht ar an aer in 1998, agus d’fhág roinnt den fhoireann i TnaG le dul ag obair leo. Fuair mé post mar Mhaor Craolacháin agus bhí mé chomh sásta. D’fhoghlaim mé an leabhar ‘The Grammer of the Edit’ a thug Brían Ó Donnchadha dúinn de ghlanmheabhair don agallamh. Bhí mé bíogtha post a fháil le TnaG. Post teicniúil a bhí ann, thosaigh mé i dtosach mar mhaor fuaime ag plé le fuaim ar chláracha beo ar nós Cúla4 agus Nuacht TG4, agus ansin bhí mé i mbun físmheasctha agus láithreachais ag coinneáil an stáisiún ar an aer.
Tógadh stiúideo nua i TG4 chun dul i mbun léirithe stiúideo agus bhí postanna nua ann do Léiritheoirí / Stiúrthóirí. Bhí mé sásta ceann acu a fháil nuair a bhí mé 26 bliain d’aois. Chaith mé ceithre bliana déag i mbun léirithe sa stiúideo. Thaitin an stiúradh liom i dtosach, is stiúradh ilcheamara a bhí i gceist agus thaitin sé liom a bheith ag plé le cláracha beo, ach tar éis píosa, chuir mé i bhfad níos mó suime sa léiriú agus san ábhar agus d’fhoghlaim mé mo cheird faoi stiúir Mhichíl Uí Mheallaigh a bhí mar bhainisteoir agam agus a bhí mar Stiúrthóir Coimisiúnaithe, agus thug Pól Ó Gallchóir Ard-Stiúrthóir TG4 an-chomhairle dom freisin. Bhí an-suim aige sna cláracha beo, go háirithe cúrsaí toghcháin agus sna léirithe inmheánacha stiúideo. Léirigh mé sraitheanna ar nós Comhrá, Róisín, 7 Lá, Bean an Tí sa Chistin, Ó Cuisine, Léirmheas Leabhar agus cláracha toghcháin ar fad.
In 2017, chuir mé tús le Molscéal, ardán nuachta agus siamsaíochta ar líne atá dírithe ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. D’eascair an smaoineamh do Mholscéal ón eolas agus taithí a fuair mé ag cruthú míreanna beaga do na meáin shóisialta do na cláracha Róisín agus 7 Lá. Bhí an-suim agam riamh sna meáin shóisialta agus bhí sé le feiceáil go raibh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta thar a bheith gníomhach ar na meáin shóisialta agus gur thaitin an t-ábhar a bhí á chur ar fáil dóibh. Is cuimhin liom sular chuir muid tús oifigiúil le Molscéal, gur léirigh mé scéal gearr faoi na comharthaí bailte nua a bhí crochta i gCois Fharraige, ba é Breandán Ó Tuairisg a labhair linn faoi agus d’fhéach na mílte ar na bhfíseán sin. Scéal simplí ach a bhain go smior le pobal na Gaeltachta, ba léir go raibh bearna ann don phobal a bhí Molscéal in ann a chur ar fáil agus is ardú croí dom an tóir atá ar Molscéal i measc an phobail féachana agus cé chomh maith agus a d’éirigh leis faoi stiúir Dhonncha Mhic Con Iomaire i mo dhiaidh agus anois faoi stiúir Katie Ní Mhuircheartaigh.
Chaith mé cúpla bliain mar Bhainisteoir Cumarsáide TG4 ina dhiaidh sin, post a thaitin go mór liom. Chuir mé straitéis cumarsáide ilardáin i bhfeidhm a bhí dírithe ar chlúdach poiblíochta ar líne mar thosaíocht agus ag tógáil ar bhranda agus glór TG4 ar na meáin shóisialta. Is de bharr na cuir chuige sin gur tháinig an pearsa ‘Intern TG4’ chun cinn trí thimpiste ar bhealach ar na meáin shóisialta.
Fógraíodh post mar Cheannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha nuair a ghlac an rialtas le moladh i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán go mbeadh ceannas eagarthóireachta neamhspleách ag TG4 ar a sheirbhísí nuachta. Bhain mé an-taitneamh as tús a chur le seirbhís nuachta do pháistí ar Nuacht Cúla4, agus coimisiúnú ar chláracha cúrsaí reatha Iniúchadh TG4. Tá cúpla gradam buaite ag an tsraith agus go leor ainmniúcháin faighte aige. An rud is tábhachtaí faoi Iniúchadh TG4 ná go mbíonn ábhar nuachta agus cainte ó gach clár sa tsraith, agus go minic is scéalta Gaeltachta iad a théann i bhfeidhm ar an bpobal náisiúnta. Is sprioc straitéise é do TG4 cur lenár seirbhísí nuachta agus cúrsaí reatha ar gach ardán chun freastal níos fearr ar mhianta an lucht féachana. Táimid i mbun plé le Coimisiún na Meán agus RTÉ maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta don tseirbhís nuachta Nuacht TG4 a chuireann RTÉ ar fáil. Is próiseas casta é ach tá mé dóchasach go mbeidh dul chun cinn ann go luath ar mhaithe leis an lucht féachana agus TG4.
Tá féiniúlacht ar leith ag TG4 mar chraoltóir Gaeilge, cén fhís atá agat do ról an stáisiúin i gcomhthéacs athraithe atá ag tarlú sna meáin?
Tá ról ar leith ag TG4 do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain. Bunaíodh TnaG an chéad lá mar gheall ar fheachtasaíocht ón bpobal a bhí ag lorg ionadaíocht orthu féin sna meáin. Is é mana TG4 ná Súil Eile agus tá tábhacht níos mó ná riamh le Súil Eile anois sa ré ilardáin nuair atá an oiread rogha ar fáil don phobal féachana ar gach meán agus ar gach scáileán.
An fhís atá agam ná go mbeadh an chruthaitheacht mar thosaíocht straitéiseach ag TG4 agus go mbeadh muid ag tógáil ar an gcruthaitheacht atá ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus iad a thabhairt i dtreo an scáileáin. Ag Oireachtas na Samhna i mbliana, sheol TG4 scéim forbartha nua atá dírithe ar scríbhneoirí agus scéalaithe Gaeltachta chun pobal cruthaitheach taibhealaíne na Gaeltachta a mhealladh agus a ghríosadh i dtreo scríobh don scáileán. Tá gá le roinnt scéimeanna mar sin chun deiseanna nua a chur ar fáil do phobal cruthaitheach.
Beidh mé ag cur béim freisin ar thuiscint níos fearr ar mhianta an lucht féachana sna cinntí cruthaitheacha atá á ndéanamh agus díriú orthu ar an mbealach is fearr. Beidh i bhfad níos mó béime ar léargais agus taighde lucht féachana sna cinntí coimisiúnaithe atá á ndéanamh don sceideal agus beifear ag díriú ar nósanna féachana an lucht féachana agus ar na hardáin atá in úsáid acu. Tá a fhios againn mar shampla go dtaitníonn sé leis an lucht féachana a bheith ag breathnú ar dhrámaíocht ar an seinnteoir ina n-am féin. Is de bharr sin gur ghlac mé cinneadh Ros na Rún a chur ar fáil ar an seinnteoir an lá roimh chraoladh le freastal ar mhianta an lucht féachana. D’éirigh thar cionn ar fad leis an tsraith CRÁ ar an seinnteoir agus ar iPlayer an BBC, de bharr an eolais sin, an samhradh seo, rinne TG4 athcheadúnas ar sheansraitheanna drámaíochta TG4 don seinnteoir ionas go mbeadh a thuilleadh rogha ar fáil don lucht féachana. Tá ag éirí an-mhaith leo. Tá súil againn dhá shraith drámaíochta nua a fhorbairt in aghaidh na bliana i gcomhar le Fís Éireann agus cómhaoinitheoirí eile.
Tá gá dul i ngleic le teicneolaíocht na craoltóireachta don todhchaí agus beidh sé sin mar phríomhsprioc agam freisin. De réir taighde atá déanta do TAM Ireland, beidh laghdú 60% ar lucht féachana a fhéachann ar an teilifís beo idir seo agus 2035, agus beidh fás mór ar sholáthar teilifíse ar an idirlíon seachas ar shatailít nó cábla. Ciallaíonn sé sin go mbeidh cuma dhifriúil ar an leagan amach a bheidh ar an teilifís, b’fhéidir nach mbeadh na cainéil in ord 1-4 mar shampla, go mbeadh na cainéil teilifíse leagtha amach ar nós leathanach baile Netflix. Beidh gá a chinntiú go mbeidh TG4 éasca le teacht air ar aon leagan amach nua agus go mbeidh na cláracha feiceálach. Tá go leor plé ag siúl ar na hathruithe sin leis an rialtas agus le Coimisiún na Meán agus táim chun a chinntiú go mbeidh TG4 lárnach sna roghanna agus sa phlé atá á ndéanamh. Beidh muid ag breathnú ar áiteanna eile a bhfuil deiseanna nuálacha do TG4 ar nós cluichí ríomhaireachta Gaeilge, beochan nua agus úsáid AI don chruthaitheacht chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge lárnach i saol digiteach an phobail.
Cén fáth go bhfuil an Ghaeilge mar theanga, chomh tábhachtach don earnáil agus cén chaoi a bhfuil TG4 ag cur leis an bhfás leanúnach?
Tá an Ghaeilge lárnach i TG4, is é an príomhchúram atá orainn ná freastal ar phobal na Gaeilge ach freisin go dtugann muid bealach isteach don Ghaeilge do dhaoine a bhfuil suim acu foghlaim faoin teanga agus faoin gcultúr ar bhealach nach bhfuil á chur ar fáil dóibh in áiteanna eile. Mar Ard-Stiúrthóir, beidh cumasú na cruthaitheachta san earnáil léiriúcháin lárnach san obair a bheidh ar bun ag TG4 chomh maith le cur le fás na hearnála go háirithe sa Ghaeltacht. Tá go leor le déanamh fós againn le bonn láidir a chur faoin earnáil i gceantair Ghaeltachta taobh amuigh de Chonamara agus le tacú le léiritheoirí neamhspleácha fás. Tá TG4 éagsúil ó go leor de na meáin teilifíse eile mar go ndéanann muid infheistiú agus forbairt i smaointe nua seachas formáidí agus leaganacha de smaointe idirnáisiúnta. Tacaíonn muid le ‘maoin intleachtúil’ na Gaeilge agus na hÉireann agus tá sé sin fíorthábhachtach. Ní gá gur cur chuige logánta é sin mar atá feicthe againn leis an tsraith drámaíochta CRÁ atá díolta le hochtó tír ar fud an domhain agus cláracha faisnéise ar ardchaighdeán atá á dtaispeáint ag féilte idirnáisiúnta faisnéise chomh maith leis na scannáin atá forbartha trí scéimeanna CINE4 agus Gealán. Tá na comhpháirtíochtaí straitéise atá againn le Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus Ciste Craoltóireachta na Gaeilge fíorthábhachtach le fás a chur faoin earnáil chomh maith agus le chéile tugann muid stádas don chruthaitheacht agus don teanga mar a chonaic muid le Kneecap agus An Cailín Ciúin. Tá naoi scannán léirithe anois ó scéim CINE4 agus leanfaidh an obair sin ar aghaidh.
Cén cur chuige atá agat le lucht féachana atá níos óige agus níos éagsúla a mhealladh, agus tú ag fanacht dílis do mhisean TG4 ag an am céanna?
An-simplí, caithfear ábhar a chur ar fáil ar na hardáin a bhfuil daoine óga ag breathnú orthu, agus tuiscint a bheith againn ar céard atá á lorg acu ó TG4. Tá suim ar leith ag an aois óg sa Ghaeilge, san athbheochan atá ag tarlú agus tá an oiread ábhar á chruthú acu féin ar TikTok agus ar Instagram. Tá daoine óga ag lorg cláracha agus ábhair ar ardchaighdeán. Tá dualgas ar TG4 a chinntiú go bhfuil glór acu. Beidh mianta agus léargais lucht féachana an-tábhachtach chun an aoisghrúpa seo a shásamh agus freisin go bhfuilimid in ann bogadh chun léirithe go tapa le freastal orthu. Tá freastal ar dhaoine óga mar cheann de spriocanna straitéise TG4 agus tá sé i gceist agam é sin a chinntiú trí a thuilleadh maoinithe a chur i dtreo cláracha agus ábhar don aoisghrúpa seo.
Céard is mó a spreagann thú maidir le todhchaí TG4 agus na meáin chumarsáide Gaeilge tríd is tríd?
Sílim go bhfuil pleananna an rialtais agus Coimisiún na Meán an-dearfach do na meáin ar fad trí chéile, go mbeidh córas nua maoinithe ann a chinnteoidh go bhfuil dóthain maoinithe ag na meáin a n-aidhmeanna agus a gcuspóirí a chur i gcrích. Tá leasuithe á ndéanamh ar an mBille Craolacháin atá ag teacht leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán agus beidh na leasuithe sin an-dearfach do na meáin agus don phobal féachana. Táim dóchasach go mbeidh bonn láidir faoi na meáin agus go mbeidh deis pleanáil chun cinn níos fearr a dhéanamh agus díriú ar an éagsúlacht ábhair atá á chur ar fáil don lucht féachana.
Maidir le TG4, tá an oiread suime ag an bpobal anois sa Ghaeilge gur buntáiste mór do TG4 go bhfuil muid in ann freastal orthu agus rogha eile, rogha tharraingteach, shainiúil a chur ar fáil. Sílim go bhfuil an rud céanna i gceist do na meáin Ghaeilge eile, agus go bhfuil iolrachas agus rogha dhifriúil ag teastáil idir na meáin Ghaeilge éagsúla agus gur rud maith é go bhfuil rogha dhifriúil ar fáil.
Mar fhocal scoir, cén chomhairle a chuirfeá ar mhic léinn nó ar chéimithe nua a bhfuil suim acu gairm bheatha a bhaint amach sna meáin, sa chraoltóireacht, nó sa tseirbhís phoiblí?
Mholfainn do mhic léinn gach deis a fhaigheann siad a thapú más rud é go bhfuil suim acu a bheith ag obair sna meáin. Mholfainn a bheith oscailte faoi cén treo gur mhaith leo a dhull, mar go bhféadfadh siad a bheith go maith ag gnéithe éagsúla den obair agus gur fiú triail a bhaint as réimsí difriúla. Is obair chrua é agus bíonn go leor éiginnteachta ann ach tá sásamh ar leith le baint as má chloíonn siad leis. Sa ré ilardáin ach go háirithe, nuair atá gá le bheith in ann ábhair a fhoilsiú ar iliomad ardáin, mholfainn do mhic léinn a gcumas scríbhneoireachta i nGaeilge a chleachtadh, a fheabhsú agus a fhorbairt mar gur buntáiste mór é cruinneas agus cumas cruthaitheachta scríbhneoireachta i nGaeilge.
Profiles