Impact & Opinions | Tionchar & Tuairimí

Spotlight on: Arts Student, Katelyn Hayes

Spotlight on: Arts Student, Katelyn Hayes

13 December 22
 | 
0
(0)
 STARS
 | 10 MINS

Táim 22 bliain d’aois agus is bean bhródúil de chuid Luimnigh mé. Rugadh agus tógadh mé taobh amuigh de shráidbhaile beag bídeach darb ainm Carraig Chiarraí in iarthar Luimnigh.  

Bean mhór cainte a bhí ionam i gcónaí – ní dóigh liom gur féidir le héinne cur síos a dhéanamh orm mar dhuine cúthail! Mar dhuine de chúigear clainne bhí orm i gcónaí a bheith glórach ionas go gcloisfí mé os cionn na nguthanna arda eile. Mar theaghlach caithimid go leor ama le chéile agus déanann mo mháthair iarracht an seachtar againn a thabhairt le chéile le haghaidh rósta an Domhnaigh chomh minic agus is féidir. Is ag bord na cistine a tharlaíonn díospóireacht na seachtaine agus is dóigh gur mhúnlaigh éagsúlacht na dtuairimí a bhíonn ar fáil ansin mé mar dhuine oscailte i gcónaí (ach teasaí ó am go ham freisin)! 

D’fhreastail mé ar mheánscoil sa Chaisleán Nua Thiar, Scoil Mhuire agus Íde. Ba ansin a músclaíodh dúil sa Ghaeilge ionam. Bhí múinteoir den chéad scoth agam a bhí fíorphaiseanta faoin teanga agus faoin tábhacht a bhaineann léi i bhféiniúlacht na tíre. Míle buíochas do Margaret Moran as mé a spreagadh chun tabhairt faoi aistear mo shaoil trí mheán na Gaeilge! 

Bhain mé céim amach anuraidh ó Ollscoil na Gaillimhe sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic agus anois táim ag tabhairt faoi MA i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin anseo freisin. Mar a luaigh mé, bhí dúil i gcónaí agam sa chaint agus le blianta beaga anuas chuir mé suim sa chraoltóireacht. Is eiseamláir iontach í Louise Cantillon dom. Is iontach an rud go bhfuil daoine nárbh as an nGaeltacht iad féin le feiceáil mar láithreoirí ar TG4 agus le cloisteáil ar stáisiúin raidió náisiúnta ag cur na Gaeilge chun cinn i gcaoi atá nádúrtha agus faiseanta. Is fearr arís é nuair is as Luimneach iad! An cuspóir atá agam ná daoine a spreagadh chun úsáid a bhaint as an nGaeilge mar theanga shóisialta agus cheap mé go gcuirfeadh na scileanna a d’fhoghlaimeoinn le linn an chúrsa seo go mór liom an sprioc sin a bhaint amach. 

Táim ag baint sult as an MA go dtí seo, tá blaiseadh faighte againn de mhodhanna na meán éagsúla. Tá béim áirithe á cur ar an iriseoireacht agus ar an gcraoltóireacht i rith an tseimeastair seo agus taitníonn na modúil sin go mór liom. Bíonn meascán idir measúnuithe praiticiúla agus aistí acadúla le déanamh againn agus ceapaim go gcabhróidh an taithí seo go mór linn agus muidne ag lorg postanna san earnáil seo ag deireadh an chúrsa. Chomh maith leis sin, táimid dóchasach go mbeimid in ann tréimhse a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ sa dara seimeastar mar ‘chleachtóirí machnamhacha’. 

Ba mhór an onóir dom a bheith ainmnithe mar Ambasadóir Mac Léinn na Bliana anuraidh. Bhí mé i m’ambasadóir don ollscoil ón gcéad bhliain a chaith mé anseo agus gan amhras ar bith, chuir an clár ar an iomlán go mór le mo chuid muiníne. Bhí go leor deiseanna agam thar na bliana a bheith ag caint go poiblí ag laethanta ollscoile agus mar chuid de phainéil éagsúla ar an gcampas agus ar líne. D’aimsigh mé aoibhneas na cainte poiblí agus mé ag déanamh cur i láthair agus ag plé cúrsaí na hollscoile le mic léinn ionchasacha. Chuir sé gliondar ar mo chroí a bheith in ann dul siar ar bhóithrín na smaointe leis na daltaí meánscoile agus cúpla moladh a thabhairt dóibh agus iad ag cur tús lena saol ollscoile. Bhínn i gcónaí in éad leo, b’aoibhinn liom tús a chur leis an eispéireas iomlán arís!  

Agus mé i lár na bliana deiridh a chaithfidh mé ag staidéar in Ollscoil na Gaillimhe, mothaím maoithneach ag tabhairt súil siar ar na cuimhní is gile a chruthaigh mé le linn mo bhunchéime. Mar chailín tuaithe agus iníon feirmeora bhí ómós áite i gcónaí tábhachtach dom agus níor mhothaigh mé ag aon bpointe go raibh mé san áit mhícheart. Creidim go diongbháilte go bhfuil fáilte roimh chách in Ollscoil na Gaillimhe. Cuirtear béim faoi leith ar an indibhidiúlachas san ollscoil seo agus spreagtar tú le do phearsantacht a chur in iúl chomh minic agus is féidir.  

An tréimhse ab ansa liom agus mé ar an ollscoil ná an seimeastar a chaith mé in Acadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair agus muidne ag tabhairt faoin Erasmus Gaeltachta. Bhí craic den chéad scoth againn don 12 sheachtain a rabhamar ag fanacht le mná tí, ag freastal ar an Acadamh i rith an lae agus leis an saol sóisialta gnóthach a bhí againn gach tráthnóna. An rud is fearr faoin tréimhse sin go rabhamar ag cur lenár gcuid saibhris agus lenár mblas cainte an t-am ar fad ar chaoi a bhí nádúrtha agus neamhfhoirmiúil. Mhéadaigh an seimeastar sin an meas atá agam ar ár dteanga náisiúnta agus spreag an t-eispéireas mé le hiarracht níos fearr a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo, mar theanga fhaiseanta agus mar theanga nár chóir d’éinne náire a bheith air ná uirthi aisti! 

Mar is léir, b’eispéireas an-tairbheach é m’aistear ar Ollscoil na Gaillimhe. Thosaigh mé amach mar dhéagóir fuinniúil díograiseach agus le cúnamh Dé, beidh mé ag fágáil an bhliain seo chugainn agus mé i mo bhean óg atá lán le dóchas faoin gcéad chéim eile atá os mo chomhair.

RATE

0 / 5. Vote count: 0

Discover More
edition-image
SDG Champion

Focal ón Uachtarán

Keep up to date on the latest from us straight to your inbox

Privacy policy