Impact & Opinions | Tionchar & Tuairimí

Ó Chois Fharraige go COP28
profile-photo
Dr John Caulfield
Stiúrthóir Feidhmithe Straitéise, Oifig an Uachtaráin, Ollscoil na Gaillimhe
edition-image
SDG Champion

Ó Chois Fharraige go COP28

18 December 23
 | 
0
(0)
 STARS
 | 7 MINS

Céard atá le rá ag an nglúin óg in Éirinn faoin athrú aeráide?
D’oibrigh foireann Ollscoil na Gaillimhe in éineacht le dhá mheánscoil Ghaeltachta i nGaillimh chun dóchas agus imní a ndaltaí a roinnt leis an domhan mór. 

Ní hionann an t-athrú aeráide gach áit ar domhan. Feicimid triomach, falscaithe agus leá na n-oighearshruthanna i dtíortha eile. Ach ar chósta thiar na hÉireann is iad an t-ardú ar leibhéal agus teocht na farraige, an méadú ar líon na báistí, agus an scrios ar an mbithéagsúlacht is mó údair imní. 

Tháinig 20 dalta meánscoile ó Choláiste Chroí Mhuire, an Spidéal, agus Coláiste Cholmcille, Indreabhán, le chéile i mí na Samhna chun tuilleadh a fhoghlaim faoin ngearchéim timpeallachta. Ghlac siad páirt i dtrí cheardlann le haoichainteoirí ar ábhair éagsúla, lena n-áirítear, flóra dúchasach an cheantair, ról speisialta an phortaigh, an creimeadh cósta agus tionchar an athrú aeráide ar an bhfeirmeoireacht.  

D’oibrigh siad le háisitheoirí ollscoile chun a gcuid tuairimí agus mothúchán féin a chur in iúl. Bunaithe ar an aiseolas ar fad ó na déagóirí, cumadh an litir thíos (agus an físeán thuas) chuig an domhan mór.  

Ó Chois Fharraige go COP28
Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Paul Bheilbigh, Aodhán Ó Donnchadha, Daniel Mac Eochagáin. PicMoose

“Tá tionchar an athrú aeráide le feiceáil timpeall orainn anois, agus murar féidir linn dul i ngleic leis, is iad an t-aos óg is mó a bheidh thíos leis. Tá teachtaireacht láidir á roinnt acu anseo agus ní mór dúinn éisteacht. Roinn muid a litir leis an ngrúpa taighdeoirí a d’fhreastail ar COP ar son Ollscoil na Gaillimhe.”

Dr John Caulfield, Stiúrthóir an Togra,
Ollscoil na Gaillimhe

A Dhomhain Mhóir,  

Ón bpobal beag seo ar imeall na hEorpa, tá bhur gcuid cúnaimh á éileamh againn. 

Tá cónaí orainn ar chósta thiar na hÉireann, idir portach agus cladach, áit a raibh meas riamh ann ar an bhfarraige. Nuair a bhíonn sí socair téimid ag snámh agus ag iascaireacht. Ach le teacht an athrú aeráide, tá na rudaí is luachmhaire linn ag éirí ina mbagairt. 

Léiríonn an taighde go bhfuil leibhéal agus teocht na farraige ag fás go leanúnach. Feicimid go bhfuil stoirmeacha an Atlantaigh níos cumhachtaí, níos coitianta. Tá líon na báistí ag méadú gan stad. Is cosúil go bhfuil na séasúir féin as a riocht. 

Táimid buíoch as an trá, na garrantaí, an portach agus gach a mhaireann ann. Ach táimid buartha freisin. Fiú le linn ár saoil, feicimid taisce na timpeallachta ag dul i léig. 

Ní hé an t-aos óg a dhóigh an ola, a bhain an mhóin, a leag na crainnte. Ach is muid a bheas thíos leis. Tá an ghlúin seo réidh le tabhairt faoin athrú aeráide le fonn agus fuinneamh. Ach an bhfuil sibhse? 

Seasaimis le chéile, mar phobal daonna domhanda, is déanaimis beart de réir ár mbriathar. 

Is muide le dóchas, 

Déagóirí Chois Fharraige. 

Ó Chois Fharraige go COP28

Dear World – sharing a youth message for COP28.

University of Galway supports local school students as official observer delegation attends Dubai summit in December 2023. We asked 20 Gaeltacht teenagers what they would like to say to the world leaders meeting at COP28 in Dubai. They expressed their hopes and fears about climate change, and described its impact here in the west of Ireland.

Find out more here.  

Profiles

profile-photo
Dr John Caulfield
Stiúrthóir Feidhmithe Straitéise, Oifig an Uachtaráin, Ollscoil na Gaillimhe
RATE

0 / 5. Vote count: 0

Discover More
edition-image
SDG Champion

Focal ón Uachtarán

Keep up to date on the latest from us straight to your inbox

Privacy policy