Impact & Opinions | Tionchar & Tuairimí

Straitéis na Gaeilge: An Scéal is Deireanaí
edition-image
Made in Galway: Resilient Innovation

Straitéis na Gaeilge: An Scéal is Deireanaí

25 July 23
 | 
0
(0)
 STARS
 | 13 MINS

Seoladh an chéad straitéis don Ghaeilge san Ollscoil beagnach dhá bhliain ó shin, ar an 16 Iúil 2021 agus tá toradh na hoibre atá déanta ag gach uile dhuine a raibh lámh acu i bhforbairt agus i bhfeidhmiú na Straitéise go dtí seo le haithint ar fud an champais agus dul chun cinn suntasach déanta.

D’éirigh thar cionn leis an seisear déag mac léinn ar bronnadh scoláireachtaí orthu faoin Scéim Cónaitheachta Gaeilge a rinneadh a athsheoladh anuraidh: thacaigh siad go mór liomsa agus leis an Leas-Uachtarán don Ghaeilge i gComhaltas na Mac Léinn agus níl aon dabht ach gur chuir an sraith Ciorcail Chomhrá a d’eagraigh siad i mBaile an Chíorbhuí sa dara seimeastar go mór leis an bhfeasacht teanga i measc na mac léinn. Tá lúcháir an domhain orainn go mbeidh muid in ann an Scéim a leathnú i mbliana agus go mbeidh ocht gcinn d’árasáin ar fáil do 32 mac léinn i mBaile na Coiribe don bhliain acadúil romhainn – cuirfidh muid fáilte agus fiche rompu ar fad.

“Tá muid an-ríméadach gur theastaigh ónár gcomhghleacaithe i nGaillimh le Gaeilge an tionscnamh feasachta seo a leathnú amach i measc eagraíochtaí chathair na Gaillimhe freisin agus go bhfuil úsáid na Gaeilge á spreagadh ar fud na cathrach dá réir.”

Straitéis na Gaeilge: An Scéal is Deireanaí
Ceann de mhic léinn an Scéim Cónaitheachta Gaeilge i dteannta an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh; an Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála, Michelle Ní Chróinín; Riarthóir Theagasc na Gaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Dr Dorothy Ní Uigín; Oifigeach na Gaeilge, Caroline Ní Fhlatharta; agus an Leas-Uachtarán don Ghaeilge le Comhaltas na Mac Léinn, Barry Ó Siochrú.

Seoladh suaitheantais nua Ghaeilge, atá bunaithe ar an tsiombail ‘G’ a dearadh go speisialta san Ollscoil le haird a tharraint ar an Tairiscint Gníomhach roinnt blianta ó shin, san Ollscoil ar an 25 Eanáir 2023. Tá na suaitheantais ar fáil do bhaill foirne a bhfuil Gaeilge acu, atá toilteanach seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, nó go deimhin cúpla focal Gaeilge a úsáid ina gcomhfhreagras le pobal na hOllscoile ó lá go lá, agus é mar aidhm go mbeidh sé soiléir do chách cé aige/aici a bhfuil Gaeilge ar fud an champais, agus go deimhin chun aird a tharraingt ar an méid seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge. Tá muid an-ríméadach gur theastaigh ónár gcomhghleacaithe i nGaillimh le Gaeilge an tionscnamh feasachta seo a leathnú amach i measc eagraíochtaí chathair na Gaillimhe freisin agus go bhfuil úsáid na Gaeilge á spreagadh ar fud na cathrach dá réir.

Den chéad uair riamh, eagraíodh ócáid speisialta sa Halla Bailey Allen ar an Luan, 13 Márta le linn Sheachtain na Gaeilge agus bronnadh Gradaim Aitheantais Gaeilge ar os cionn 100 scoláire meánscoile ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh 2022. D’fhreastail 300 duine ar an ócáid idir scoláirí, mhúinteoirí agus phríomhoidí agus thuismitheoirí.  Díríodh ar Chúige Chonnacht, Cho. Dhún na nGall agus Cho. an Chláir i mbliana ach tá sé beartaithe againn cuireadh a thabhairt do scoláirí ó ar fud na tíre an bhliain seo chugainn. Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dúinn anseo san Ollscoil agus tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis an nglúin óg a spreagadh agus a ghríosadh leis an nGaeilge a labhairt agus le bheith bródúil as an nGaeilge; is chuige sin a theastaíonn uainn na héachtaí atá bainte amach ag na scoláirí eisceachtúla seo a cheiliúradh.   

Tá muid thar a bheith sásta dá réir go bhfuil ceardlanna de chuid Acadamh na nÓg á reáchtáil i nGaeilge den chéad uair riamh do pháistí bunscoile in Ionad na hOllscoile i nGaoth Dobhair. Déanfar cúrsa nua atá forbartha do pháistí meánscoile, ‘Bunchúrsa san Eolaíocht Sonraí Géanómaíochta’, a thairiscint do scoláirí sna meánscoileanna áitiúla sa bhfómhar chomh maith. Tá dlúthbaint ag an dá thionscnamh nua seo le cuspóirí atá luaite sa Straitéis don Ghaeilge 2021–2025, mar a bhaineann le cur leis an soláthar i nGaeilge agus go deimhin le forbairtí sna hIonaid Ghaeltachta.

“Chláraigh 173 ball foirne do na ranganna Gaeilge a chuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar fáil saor in aisce i mbliana agus cuireadh tacaíocht ar fáil do bhaill foirne ar theastaigh uathu tabhairt faoin Dioplóma sa Ghaeilge faoin Scéim Polasaí Breisoideachais chomh maith.”

Straitéis na Gaeilge: An Scéal is Deireanaí

I measc na mbuaicphointí eile atá bainte amach go dtí seo tá an obair mhór mhillteach atá déanta ar an gCóras nua Bainistithe Sonraí agus beidh gach uile ghné den chóras iarratais ar chúrsaí iarchéime ar fáil go dhátheangach roimh dheireadh na bliana seo. Tá obair leanúnach ar bun ar an leagan Gaeilge de shuíomh idirlín na hOllscoile freisin agus tá infheistíocht déanta i gcóras a chinnteoidh gur féidir cuntas cruinn, cothrom le dáta a choinneáil ar an bhfógraíocht i nGaeilge san Ollscoil, mar a bhaineann leis an dualgas atá orainn a chinntiú go mbeidh 20% den fhógraíocht a dhéantar i rith na bliana i nGaeilge nó go dhátheangach, agus go gcaithfear 5% de bhuiséad iomlán fógraíochta na hOllscoile sna meáin Ghaeilge, de réir rialacháin nua a tháinig i bhfeidhm de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 i mí Dheireadh Fómhair 2022.Reáchtáladh go leor imeachtaí éagsúla i rith na bliana agus d’ardódh sé do chroí ceol agus comhrá a chloisteáil i gCaifé na Gaeilge arís. Cuirtear fáilte agus fiche roimh chách sa gCaifé i gcónaí mar sin ná bíodh aon drogall oraibh bualadh isteach ann agus an méid Gaeilge atá agaibh a chleachtadh nuair a osclóidh sé arís sa bhfómhar.  Chláraigh 173 ball foirne do na ranganna Gaeilge a chuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar fáil saor in aisce i mbliana agus cuireadh tacaíocht ar fáil do bhaill foirne ar theastaigh uathu tabhairt faoin Dioplóma sa Ghaeilge faoin Scéim Polasaí Breisoideachais chomh maith. Tá comhoibriú leanúnach ar bun le heagraíochtaí agus le grúpaí éagsúla eile freisin. D’fhreastail 200 scoláire, ar an meán, ar na ranganna a seachadadh ar líne don chúrsa Iriseoirí an Lae Amárach a bhí ar siúl i mbliana i gcomhar le TG4 agus COGG. Reáchtáladh Comhdháil Phleanála Teanga san Ollscoil i gcomhar le Meitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge ag tús mhí na Bealtaine agus tionóladh cruinniú de chuid fhoireann bhainistíochta na hOllscoile in Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i mí Aibreáin. Go deimhin, reáchtálfar an chéad chruinniú eile de chuid Údarás na hOllscoile in Údarás na Gaeltachta freisin. 

Níl luaite anseo ach roinnt de na gníomhartha atá bainte amach go dtí seo, ar ndóigh, ach ba mhaith liom an deis a thapú cuireadh a thabhairt do chách labhairt liom nó scéala a chur chugam má bhíonn aon cheisteanna ná aon mholtaí acu maidir leis an nGaeilge san Ollscoil. Ní neart go cur le chéile!

RATE

0 / 5. Vote count: 0

Discover More
edition-image
SDG Champion

Focal ón Uachtarán

Keep up to date on the latest from us straight to your inbox

Privacy policy