Impact & Opinions | Tionchar & Tuairimí

Flóra na Gaeltachta: saibhreas na bithéagsúlachta mar áis foghlama
profile-photo
An Dr Seathrún Ó Tuairisg
Riarthóir Aonad na Teicneolaíochta Faisnéise, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Flóra na Gaeltachta: saibhreas na bithéagsúlachta mar áis foghlama

18 December 23
 | 
5
(1)
 STARS
 | 19 MINS

Tugann Seathrún Ó Tuairisg léargas ar phlandaí coitianta agus neamhchoitianta atá le feiceáil i gceantar Chois Fharraige i gConamara, Co. na Gaillimhe. Tugann an obair seo spléach ar a thábhacht a an bhithéagsúlacht don timpeallacht agus don tsochaí ábhar atá thar a bheith tráthúil anois agus muid in éigeandáil aeráide agus i ngéarchéim bhithéagsúlachta. Is réimse é seo a lonn isteach go mór le straitéis Ollscoil na Gaillimhe i leith na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDG) Sprioc 15, Beathra Talún, go háirithe. 

Bhí spéis i gcónaí agam sa timpeallacht agus sna plandaí atá ag fás thart timpeall orainn, agus nuair a chuir mé fúm i gceantar Chois Fharraige i gConamara thug mé suntas do na plandaí a bhí ag fás sa ngarraí timpeall an tí.

An Dr Seathrún Ó Tuairisg

Shocraigh na cineálacha éagsúla plandaí sa ngarraí a chomhaireamh agus pictiúir a thógáil díobh, agus faoi dheireadh an tsamhraidh bhí os cionn 75 planda difriúil le bláth aimsithe agam. Is ansin a thuig an éagsúlacht, an bhithéagsúlacht, de phlandaí a bhí ag fás sa bpaiste beag talún timpeall an . Tuigeann muid anois an tábhacht atá le bithéagsúlacht dá mhéad plandaí, ainmhithe agus feithidí éagsúla atá thart timpeall orainn is fearr é don timpeallacht agus dúinn féin, mar shochaí 

Flóra Chois Fharraige 

Agus mé i mbun na hoibre seo smaoinigh mé, má tá an oiread sin plandaí i mo gharraí beag féin, cé mhéad planda eile atá ag fás taobh amuigh den gheata? Shocraigh mé an cheist sin a fhreagairt agus suirbhé a dhéanamh de fhlóra an cheantair ina bhfuilim i mo chónaí, agus taifead den obair seo a chur ar an suíomh idirlín Flóra Chois Fharraige. Go dtí seo, tá os cionn 400 speiceas difriúil feicthe agam sa gcoirnéal beag seo de Chonamara – agus neart eile fós le haimsiú. 

Is aistear foghlama atá anseo domsa. Mar nach raibh mé in ann ainm a chur ach ar phlandaí coitianta ar nós an nóinín, an caisearbhán agus an dris, shocraigh mé oiliúint a chur orm féin agus na hainmneacha Gaeilge ar chuile phlanda a fhoghlaim. Bhí sé seo éasca le déanamh le plandaí coitianta, ach chun plandaí eile a aithint ba mhinic dom leabhair luibheolaíochta a úsáid freisin. Bíonn ruainne bleachtaireachta i gceist le plandaí a aithint. Ní leor an bláth amháin a úsáid, ach caithfear breathnú ar thréithe eile an phlanda, amhail an gas, na duilleoga agus go deimhin an ghnáthóg ina bhfuil ag fás. Bhí uaim go mbeadh gné áitiúil ag dul leis an tionscadal is é mo cheantar dúchais féin é, agus bhí mé ag iarraidh go mbeadh tús áite tugtha ar an suíomh don ainm is mó atá in úsáid go háitiúil. Ach tá ainmneacha eile Gaeilge na bplandaí áirithe ar an suíomh freisin, agus is nuair a fheictear iad le chéile mar sin go dtuigtear an saibhreas teanga atá in ainmneacha Gaeilge na bplandaí. Tá leideanna iontu faoi úsáid an phlanda san am atá caite, nó faoi sheanchas éigin a bhaineann leis an bplanda.  

Tá mé lonnaithe in Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna agus cuimsíonn an mana atá againn – “timpeallacht, teanga, traidisún” – go leor den obair atá ar bun san Ionad. Chuige sin, shocraigh muid go bhforbródh muid sraith painéal (10 gcinn ar fad) a thugann léargas ar ghnáthóga an cheantair.

An Dr Seathrún Ó Tuairisg

Ról an Acadaimh agus na hOllscoile 

In ainneoin gur tionscadal pearsanta é seo domsa, ar thug mé faoi i mo chuid ama féin, tuigim freisin an tábhacht a leagann Ollscoil na Gaillimhe ar an mbithéagsúlacht agus an inbhuanaitheacht, agus ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDG) atá leabaithe i straitéis na hOllscoile.   Tá mé lonnaithe in Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna agus cuimsíonn an mana atá againn timpeallacht, teanga, traidisún go leor den obair atá ar bun san Ionad. Chuige sin, shocraigh muid go bhforbródh muid sraith painéal (10 gcinn ar fad) a thugann léargas ar ghnáthóga an cheantair. Chuir scoileanna áitiúla an-spéis sna painéil seo, agus nuair a chroch Scoil Sailearna in Indreabhán iad ar bhallaí na scoile thug muid suntas don spéis a chur na gasúir, na tuismitheoirí agus na múinteoirí iontu. Tá an ghlúin óg spreagtha ag an nádúr chuile uair a théann siad amach taobh amuigh – ach tá ábhar oideachasúla trí Ghaeilge uaidh theagascóirí agus tuismitheoirí le gur féidir níos nó a mhúineadh dóibh faoin ábhar tábhachtach seo. Nuair a thosaigh na múinteoirí á n-úsáid mar ábhar teagaisc roinn muid na painéil leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Thuig siadsan luach an ábhair freisin, agus scaip siad iad ar os cionn 40 meánscoil ar fud na tíre.  

Tá muid ag tógáil ar an obair seo. D’fhorbair muid taispeántas preabsheastáin a thugann léargas níos doimhne ar phlandaí an cheantair. Tá an taispéantas anois ar chamchuairt chuig láithreacha éagsúla i nGaeltacht Chonamara, a bhuíochas doifigigh pleanála teanga Chonamara Láir. Tá ceardlanna á reáchtáil againn le scoláirí dara leibhéal faoi thábhacht na bithéagsúlachta agus tá oícheanta eolais a n-eagrú chun feasacht an phobail faoin gcomhsaol a ardú. Tá muid ag tabhairt faoin obair seo le fonn agus le díograis mar go dtuigeann muid gur le chéile, mar phobal, a shárófar na dúshláin aeráide agus comhshaoil atá romhainn. 

Tuilleadh eolas: www.florachoisfharraige.ie; @florachoischarraige

 

Profiles

profile-photo
An Dr Seathrún Ó Tuairisg
Riarthóir Aonad na Teicneolaíochta Faisnéise, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Tá Seathrún Ó Tuairisg ag obair mar Riarthóir ar Aonaid na Teicneolaíochta Faisnéise in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Tá dochtúireacht aige i réimse na réalteolaíochta agus tá taighde déanta freisin aige i réimsí ilghnéitheacha amhail an ríomhaireacht, an chartlannaíocht agus na daonnachtaí digiteacha. Tá spéis phearsanta aige da dúlra agus d’fhorbair sé an suíomh idirlín www.florachoisfharraige.ie le léargas a thabhairt ar phlandaí coitianta agus neamhchoitianta a cheantar dhúchais.

RATE

5 / 5. Vote count: 1

Discover More
edition-image
SDG Champion

Focal ón Uachtarán

Keep up to date on the latest from us straight to your inbox

Privacy policy